Eolas faoi idirghrúpaí | Eitic agus trédhearcacht | Feisirí | Parlaimint na hEorpa

Idirghrúpaí i bParlaimint na hEorpa

Is fóram iad na hidirghrúpaí le haghaigh malartú neamhfhoirmiúil tuairimí maidir le saincheisteanna sonracha, ar malartú é a mbeidh grúpaí éagsúla polaitiúla páirteach ann, agus chun teagmháil idir Feisirí agus an tsochaí shibhialta a dhéanamh. Tá na Feisirí i ngach idirghrúpa ó thrí ghrúpa pholaitiúla éagsúla ar a laghad.

Ní comhlachtaí oifigiúla na Parlaiminte iad idirghrúpaí, ach aithníonn an Pharlaimint iad. Bunaíodh iad le comhaontú idir cathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla ag tús gach téarma reachtaigh.

Idirghrúpaí a rialáil

Déantar na hidirghrúpaí a rialáil le Riail 35 de Rialacha Nós Imeachta agus rialacha inmheánacha eile.

Ar mhaithe le trédhearcacht, ní fhéadfaidh ach ionadaithe leasmhara atá cláraithe sa Chlár Trédhearcachta a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí idirghrúpa arna n-eagrú ag an bParlaimint (freastal ar chruinnithe nó ar imeachtaí, tacaíocht a thabhairt dóibh nó iad a chomh-óstáil). Thairis sin, ní mór do gach idirghrúpa dearbhú bliantúil maidir le leasanna airgeadais a fhoilsiú, ag clúdach gach tacaíocht a fhaightear in airgead nó i gcomhchineál (tacaíocht airgeadais, tacaíocht foirne agus tacaíocht ábhartha).

Ina theannta sin, tá cosc ar idirghrúpaí:

  • ainmneacha nó lógónna na Parlaiminte nó na ngrúpaí polaitiúla a úsáid;
  • tuairim a chur in iúl thar ceann na Parlaiminte;
  • gníomhaíochtaí a dhéanamh a d'fhéadfadh a bheith ina gcúis le mearbhall i dtaca le gníomhaíochtaí oifigiúla na Parlaiminte nó a cuid comhlachtaí;
  • gníomhaíochtaí a dhéanamh a d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ann ar chaidreamh le hinstitiúidí AE nó tríú tíortha; agus
  • imeachtaí á reáchtáil i dtríú tíortha a tharlaíonn i gcomhthráth le misean de chomhlacht oifigiúil na Parlaiminte, lena n-áirítear breathnóireacht toghchán.

Tá na Caestóirí freagrach as maoirseacht ar idirghrúpaí.